Scéalta ó Theach na mBocht

Scéalta ó Theach na mBocht

Scéalta ó Theach na mBocht

Scéalta ó Theach na mBocht

eBook

$5.00 

Available on Compatible NOOK Devices and the free NOOK Apps.
WANT A NOOK?  Explore Now

Related collections and offers

LEND ME® See Details

Overview

Aistriúchán ar an leabhar 'Tales from the Poorhouse' le Eugene McCabe agus é aistrithe go Gaeilge ag Liam Mac Con Iomaire. Caitheann McCabe súil ghéar ar thorthaí an Ghorta Mhóir ó dhearcaí chearthrar éagsúla. Ceithre mhonalóg atá sa leabhar. Cuireadh ar stáitse an leagan i nGaeilge i dTaibhdhearc na Gaillimhe.


Product Details

ISBN-13: 9781784440787
Publisher: Cló lar-Chonnacht
Publication date: 05/01/2001
Sold by: Barnes & Noble
Format: eBook
Pages: 158
File size: 194 KB
Language: Irish (obsolete: use GLE instead)

About the Author

Rugadh Eugene McCabe i nGlaschú, Albain do thuismitheoirí a bhí ar imirce as Éirinn. Bhog an chlann ar ais go hÉirinn sna luath 1940í. Bhí cónaí air ar fheirm in aice le Cluain Eois i gCo. Mhuineacháin gar don teorainn idir Phoblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann. Cailleadh é sa mbliain 2020 agus é 91 bliain d'aois. Tharraing a dhráma 'King of the Castle' raic nuair a léiríodh é den chéad uair i 1964 agus chuir The League of Decency ina choinne. Scríobh McCabe a thríológ drámaí teilifíse 'Cancer, Heritage, agus Siege' mar go raibh sé ag iarraidh ráiteas a dhéanamh faoi na Trioblóidí. Bhuaigh na drámaí sin ar fad duaiseanna. 'Ceann de mhórshaothair Éireannacha an chéid seo' a thug Colm Tóibín ar úrscéal McCabe 'Death and Nightingales' agus 'saothar clasaiceach d'ár linnse' a thug Kirkus Reviews ar an leabhar céanna.
I nDoire an Fhéich, Casla, Conamara a rugadh Liam Mac Con Iomaire sa mbliain 1937. Cailleadh é sa mbliain 2019. Oileadh ina bhunmhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath (1955–1957). I mBaile Átha Cliath a chaith sé a shaol oibre go léir ina dhiaidh sin, seachas cúig shamhradh a chaith sé ag obair ar láithreacha tógála i Londain (1956–1960). Chaith sé aon bhliain déag (1957–1968) ina mhúinteoir i Scoil Lorcáin, bunscoil lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, aon bhliain déag eile (1968–1979) ina iriseoir agus ina léitheoir nuachta le RTÉ, agus seacht mbliana déag (1979–1996) ina Stiúrthóir Teanglainne i Roinn na Nua-Ghaeilge sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí aithne freisin air mar chraoltóir ar Raidió na Gaeltachta, áit a raibh sé ina chathaoirleach ar phainéal cainteoirí Leagan Cainte: Eibhlín Ní Mhurchú, Seosamh Ó Cuaig agus An tOllamh Dónall Ó Baoill. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Sean-Nós Cois Life agus chaith sé seal ar bhord Thaisce Cheol Dúchais Éireann agus ar Choimisiún na Logainmneacha. Is iad na leabhair leis ná: Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair (Cló Iar-Chonnacht, 2000), Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhagha mé bás choíche (Cló Iar-Chonnacht, 2007), agus le déanaí, an t-aistriúchán i gcomhar le Tim Robinson ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, Graveyard Clay (Yale University Press & Cló Iar-Chonnacht, 2016). Cailleadh é, i ndiaidh tinnis, i mí na Bealtaine 2019. (Foinse an nóta beathaisnéise seo: Ainm.ie)
From the B&N Reads Blog

Customer Reviews