Read an Excerpt
An Coinín Feasa
Bhí coinín beag feasa ann uair a chónaigh leis féin istigh i lár na coille. Bhí sé an-chineálta agus an-chliste agus cairdiúil i gcónaí. Aon uair ar theastaigh comhairle ó ainmhí eile na coille dhéanfaidís a mbealach chuig an mbothán beag féarach ina gcónaíodh an coinín. Thugadh an coinín gach cúnamh agus dea-chomhairle i gcónaí.
Maidin amháin tháinig tíogar mór an bealach. Bhí ocras air agus é cantalach agus dá bhrí sin ní raibh uaidh ach leithscéal dul ag argóint is ag gearán. Rith na hainmhithe eile isteach sna sceacha i bhfolach ach d’fhan an coinín go síochánta ansin ag scríobadh a chuid fionnaidh.
“Ó!, is tusa an coinín cáiliúil a chónaíonn sa gcoill seo,” arsa an tíogar.
“Deireann ainmhí eile liom go bhfuil tú thar a bheith cliste agus gur coinín feasa tú a bhfuil gach eolas agat faoin am atá le teacht. Ach ceist agam ort, a choinín beag, cén t-eolas atá agat fút féin? An bhfeiceann tú lá do bháis chugat má tá tú chomh glic sin?” a d’fhiafraigh an tíogar crosta.
“Cinnte feicim a bhfuil i ndán dom féin amach anseo chomh maith lena bhfuil i ndán do gach ainmhí eile,” a d’fhreagair an coinín. “Lá amháin gheobhaidh mé bás leis an ocras,” a dúirt sé agus é ag ardú a shúile donna agus ag féachaint isteach i súile ocracha an tíogair.
“Aaa . . . agus cén lá a dtarlóidh sé sin?” a scread an tíogar agus é ag cur strainceanna air féin, mar go raibh sé ag smaoineamh ar choinín deas blasta a bheith aige don dinnéar an oíche sin.
“Ó! . . . fan nóiméad amháin anois,” arsa an coinín ag dúnadh a shúile agus ag ligean air féin go raibh sé ag machnamh go domhain. Labhair sé tar éis tamaill.
“Gheobhaidh mé bás ar lá áirithe amach anseo – an lá sul má fhaigheann tusa bás.”
Ainmhí an-phiseogach ba ea an tíogar agus ní raibh lá ón lá sin amach nár thug sé cuairt ar bhothán féarach an choinín agus nár thug leis go leor glasraí milse le tabhairt don choinín le n-ithe. Bhí saol fada sona ag an gcoinín agus an tíogar mór mar gharda sábhála aige agus é ag tabhairt beatha chuige go laethúil.
Agus nuair a fuair an coinín bás síochánta ina sheanaois tháinig an oiread de scanradh is d’imní ar an tíogar ionas gur thit sé féin as a sheasamh freisin – marbh.